 |
Thosaigh Gerry Fahy amach
ina ghairm bheatha mar Innealtóir Tarchuir sa bhliain
1980 agus d’aistrigh sé go bainistíocht ghinearálta ghnó
i 1990. Ó shin, tá sé freagrach as forbairt Phleanáil
Ghnó agus Stratéise i Vodafone Éireann (Eircell roimhe
sin), le béim ar leith ar chúrsaí Rialúcháin agus Corparáideacha.
Roimhe sin d’oibrigh Gerry i roinnt postanna lena n-áirítear
forbairt ghnó thar lear. Chaith sé dhá bhliain mar phríomhchomhairleoir
ag Príomhoifigeach Feidhmeannach MATAV, an comhlacht teileafóin
Ungárach. Tá Gerry ina bhall den fhoireann fheidhmeannach
a mhéadaigh gnó Vodafone Éireann ó 50,000 custaiméir i
1995 go 1,900,000 custaiméir i 2003. Tá Gerry ina Stiúrthóir
ar Vodafone Éireann ó mhí Bealtaine 2001. Tá céim innealtóireachta
agus Máistreacht i Riarachán Gnó ó Choláiste na hOllscoile,
Baile Átha Cliath bainte amach ag Gerry, agus tá sé mar
LeasChathaoirleach Chónaidhm Teileachumarsáide agus Idirlín
IBEC. |
 |
|