"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Beathaisnéis
Ainm: Charles Clarke M.P.
Teideal: Fís do ríomhFhoghlaim Ráthaíochta i Scoileanna.
Dáta: Dé Máirt 18 Bealtaine 2004.
Am: 11.15 – 11.45
Ceapadh Charles Clarke mar Rúnaí Stáit Oideachais agus Scileanna i mí Dheireadh Fómhair 2002.

Fuair sé a chuid oideachais i scoil Highgate, Londain, agus rinne sé staidéar ar an matamaitic agus ar an eacnamaíocht i gColáiste an Rí, Cambridge. Bronnadh céim B.Eal (Onóracha) air. Bhí sé mar Uachtarán ar Aontas Náisiúnta na Mac Léinn ó 1975 go 1977. Rugadh Charles Clarke sa bhliain 1950 agus pósadh i 1984 é. Tá beirt mhac aige féin agus ag a bhean chéile, Carol.

Fuair Charles Clarke taithí leathan ar rialtas áitiúil i Limistéar Hackney i Londain mar a raibh sé mar chathaoirleach ar an gcoiste tithíochta agus mar leaschathaoirleach ar fhorbairt eacnamaíochta idir 1980 agus 1986. D’oibrigh sé mar thaighdeoir agus ansin mar Cheannasaí Foirne ó 1981 go 1992 d’iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Neil Kinnock. Ón mbliain 1992 go 1997 bhí an tUasal Clarke mar phríomhfheidhmeannach ar Ghnóthaí Pobail Cáilíochta, comhairleacht bhainistíochta ghnóthaí pobail, sular toghadh ina Theachta Parlaiminte é. Tá sé mar MP ag Norwich Theas ó 1997.

Ceapadh an tUasal Clarke mar Fho-Rúnaí Stáit Parlaiminte um Chaighdeáin Scoile i mí Iúil 1998. Ceapadh mar Aire Stáit é san Oifig Gnóthaí Baile 29 Iúil 1999 agus mar Aire gan Phunann agus mar Chathaoirleach Pháirtí an Lucht Oibre i mí Iúil 2001. Tá sé mar bhall den Chomhchoiste um athchóiriú Thithe na dTiarnaí.
Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004