"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Beathaisnéis
Ainm: Dermot Ahern, T.D.
Teideal: Pobail foghlama a nascadh – go háitiúil, go náisiúnta, ar fud an AE agus go domhanda.
Dáta: Dé Máirt 18 Beal 2004.
Am: 9.30 – 10.45
Is é Dermot Ahern Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha na hÉireann. Tá an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha freagrach as roinnt earnálacha sa gheilleagar lena n-áirítear teileachumarsáideanna, craoltóireacht, postas, ríomhthráchtáil, cúrsaí mara, cúrsaí iascaigh, uisceachultúr, poirt, taiscéaladh, mianadóireacht, foraoiseacht, fuinneamh agus acmhainní inathnuaite.

Rugadh an tAire Ahern i nDroichead Átha, Contae Lú i mí Feabhra 1955 agus fuair sé oideachas sa Choláiste Muireach, Dún Dealgan, in Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus i gCumann Corpraithe Dlí na hÉireann (BCL) mar ar cháiligh sé mar dhlíodóir. Toghadh mar Theachta Dála é an chéad uair i mí Feabhra 1987. Bhí sé mar Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus freagracht speisialta air mar Phríomhaoire an Rialtais, ba Aire Stáit sa Roinn Cosanta é ó mhí na Samhna 1991 go Feabhra 1992, b’é an tAire Gnóthaí Sóisialta, Pobail agus Teaghlaigh é ó Mheitheamh 1997 go Meitheamh 2002, agus ó shin tá sé mar Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004