"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Beathaisnéis
Ainm: Brendan Tuohy
Teideal: Tionscnamh Domhanda ríomhscoileanna na NA – Cuiliú TFC i dTíortha i mBéal Forbartha.
Dáta: Dé Máirt 18 Beal 2004.
Am: 9.30 – 10.45
Is Rúnaí Ginearálta é Brendan Tuohy i Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha na hÉireann. Ceapadh i mí Meithimh 2002 é nuair a bunaíodh an Roinn. Tá an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha freagrach as roinnt earnálacha sa gheilleagar lena n-áirítear teileachumarsáideanna, craoltóireacht, postas, ríomhthráchtáil, cúrsaí mara, cúrsaí iascaigh, uisceachultúr, poirt, taiscéaladh, mianadóireacht, foraoiseacht, fuinneamh agus acmhainní inathnuaite.

Bhí Brendan mar Rúnaí Ginearálta sa Roinn Fiontair Phoiblí roimhe sin agus roimhe sin arís bhí sé mar Rúnaí Cúnta sa Roinn sin agus sa Roinn ar tháinig sí i gcomharbacht uirthi, An Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide. I láthair na huaire is ball é den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta (www.nesc.ie) agus de Thascfhórsa na Náisiún Aontaithe ar Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide le haghaidh Forbartha (www.unicttaskforce.org)
Tá céim bainte amach aige in innealtóireacht shibhialta ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh mar aon le cáilíochtaí iarchéime in innealtóireacht chomhshaoil agus i mbainistíocht ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide.
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004