"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Beathaisnéis
Ainm: James Bosco, PhD.
Teideal: An féidir Scoileanna a Athchóiriú? I dTreo an Gealltanas maidir le Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) inár Scoileanna a Choinneáil
Dáta: Dé Luain, 17 Bealtaine 2004.
Am: 16.15 –17.15
James Bosco mar Ollamh sa Roinn Staidéar Oideachasúil in Ollscoil Iarthar Michigan i Kalamazoo, Michigan agus is é an Stiúrthóir é ar Chaidrimh Theicneolaíochta Oideachasúla Eachtracha don Choláiste Oideachais in Ollscoil Iarthar Michigan. Mar chuid de na poist sin, oibríonn sé ag leibhéal an stáit agus ag leibhéal náisiúnta chun nascanna a chothú idir Ollscoil Iarthar Michigan agus gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile chun úsáid na teicneolaíochta i scoileanna K-12 agus in oiliúint daoine proifisiúnta a leathnú agus a fheabhsú. Bhí ról mór aige i scoileanna i Michigan a cheangal leis an Idirlíon agus tá sé go fóill páirteach i roinnt tionscnamh teicneolaíochta ag leibhéal an stáit i Michigan. Bhí sé ina bhall de ghrúpa oibre teicneolaíochta an tSeanadóra Carl Levin as ar eascair sraith thionscnamh Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) i scoileanna i Michigan. Bhí sé i gceannas ar na hiarrachtaí i Michigan chun Cór Teicneolaíochta a bhunú agus bhí sé mar chomheagraí ar ThinkQuest i Michigan. I láthair na huaire tá sé mar bhall den Choiste Comhairliúcháin Stáit do thionscnamh raidió dhuine ar dhuine K-12 i Michigan. Bhí baint mhór aige le TFC ag leibhéal náisiúnta freisin. Ba chathaoirleach é ar an gCuibhreannas do Líonrú Scoileanna (CoSN) agus is é an comhchathaoirleach i láthair na huaire é ar Choiste Idirnáisiúnta CoSN. Bhí sé freagrach as Caighdeáin Teicneolaíochta do Riarthóirí Scoile a bhunú ar ghlac an tSochaí Idirnáisiúnta um Theicneolaíocht san Oideachas (ISTE) leo mar NETS*A agus tá sé ar choiste comhairliúcháin an ISTE le haghaidh teicneolaíochta do riarthóirí scoileanna. Le blianta beaga anuas tá sé ag díriú ar TFC mar a bhaineann sí le saincheisteanna athchóiriú scoileanna. Bhí sé mar chomhstiúrthóir ar thionscadal de chuid na Fondúireachta Kellog ar athchóiriú scoileanna meánleibhéil agus i láthair na huaire tá sé ag obair ar leabhar a bhfuil athchóiriú scoileanna mar ábhar aige.
Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004