"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Beathaisnéis
Ainm: Carol Strohecker
Teideal: Samhlacha sa todhchaí d’fhoghlaim cumasaithe ag ICT: Cad iad na hImpleachtaí do Scoileanna?
Dáta: Dé Luain, 17 Bealtaine 2004.
Am: 16.15 –17.15
Príomheolaí agus Príomh-Imscrúdaitheoir is í Carol Strohecker ar a ngrúpa taighde Foghlaim Laethúil ag Media Lab Europe (MLE), comhpháirtí taighde Eorpach an MIT Media Laboratory. Bíonn sí ag staidéar an chaoi a smaoiníonn agus a bhfoghlaimíonn daoine, agus an chaoi is féidir lena n-idirghníomhú inchiallaithe le hábhair, le déantáin agus le teicneolaíocht na próisis seo a éascú. Trí uirlisí agus coinníollacha a fhorbairt agus a scrúdú d’idirghníomhaíocht den sórt sin, lorgaíonn sí tuiscint a fháil ar achar agus réimse na héagsúlachta d’idirghníomhaíocht i bhfoghlaim agus smaointeoireacht daonna. Dá réir sin tugann a dearaí do mheán ríomhaireachta tacaíocht d’fhorbairt chognaíoch agus mhothaitheach agus ag an am céanna staidéar a chumasú ar na próisis seo. Ar na suimeanna taighde atá aici tá so-bhraiteacht agus so-ríomhaireacht, foirmeacha idirmhódúil de chumarsáid agus de shlonn, miontrealamh tógála ag múnlú prionsabail matamaitice agus eolaíochta, agus comhshaoil ag tacú le turgnamh spraíúil i bhfearainn chomhlántacha fhisiceacha agus fhíorúla.

Sula ndeachaigh sí isteach i MLE i 2001, d’oibrigh Dr. Strohecker i Stáit Aontaithe Mheiriceá i MERL – Saotharlanna Leictreacha Taighde Mitsubishi agus i nGrúpa Comhéadan Daonna de Sun Microsystems. Fuair sí PhD d’Ealaín na Meán agus na hEolaíochta ó Institiúd Teicneolaíochta Massachusetts i 1991 agus Máistreacht na hEolaíochta i Staidéar Radharcach ó MIT i 1986. Chuir sí le hiarrachtaí luatha i bhfístéip idirghníomhaíochta agus d’oibrigh sí go forleathan i bhfoilseachán agus meán na clódóireachta. Tá 4 paitinn SA aici as a cuid oibre in uirlisí agus modhanna meán idirghníomhaíochta, agus tá go leor foilsithe aici sna réimsí seo.

Léachtóir í Dr. Strohecker faoi láthair i gClár Ealaíne na Meán agus na hEolaíochta i MIT. Tá sí ina Leaschathaoirleach ar an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Dhearadh Ríomhaireachta agus Cognaíocha agus tá sí ar Bhord eagarfhocal iris phreasa MIT, Presence, ar Choiste Cláir ACM Foghlaim Mhéadaithe le Teicneolaíocht, agus ar Bhoird Chomhairleacha ar Thionscnamh Foghlama na Saoirsí i mBaile Átha Cliath agus an Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Mhúnlaí Ríomhaireachta agus Cognaíocha de Dhearadh Cruthaitheacha. Bhí sí ina hainmnitheach mar Uachtarán ar an gCoiste Cuartaíochta Corparáide MIT do Roinn Ailtireachta agus Ealaín na Meán agus na hEolaíochta, agus bhí Comhaltacht aici ón Harvard University Graduate School of Design, an Massachusetts Council for the Arts and Humanities, agus an US National Endowment for the Arts. Le níos mó ná deich mbliana tá sí ina ceannaire ar thurais siúil i bhforaoisí náisiúnta agus i gceantair fhiáine ar fud na Stát Aontaithe.
Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004