| |
 |
 |
Beathaisnéis |
|
 |
 |
 |
 |
 |
| Ainm: |
Seymour Papert |
 |
 |
|
Teideal: |
An féidir le húsáid na teicneolaíochta
digití tús a chur le foghlaim níos éifeachtaí agus
samhlacha níos fearr foghlama?
|
 |
 |
| Dáta: |
Dé Luain, 17 Bealtaine 2004. |
 |
 |
| Am: |
14.15 –15.45 |
 |
 |
|
 |
|
 |
 |
 |
Le breis is dhá scór bliain, tá Seymour
Papert ina mhachnóir dána, aislingeach ó thaobh
tuiscint nua a fhorbairt ar an mbealach mbíonn leanaí
ag foghlaim agus ag smaoineamh. Tá Institiúid Seymour
Papert agus an Scioból Fhoghlama in Blue Hill, Maine mar
chlocha dín ar an saol fada, oirirc oibre s’aige i gcúrsaí
cibeirneitice, san intleacht shaorga, sa mhatamaitic fheidhmeach,
sa teicneolaíocht dhigiteach agus san oideachas.
Rugadh Papert san Afraic Theas. Ba ghníomhaí frith-chinedheighilte
é sna luath 1950idí agus bhí sé sna luathfhichidí nuair
a thosaigh sé ag obair ar an bhfoireann teagaisc in Ollscoil
Witwaterstrand. Ar chríochnú a Ph.D. dó, chuaigh sé i
mbun comhaltachta taighde in Ollscoil Cambridge i Sasana
mar ar thosaigh sé ag déanamh ceangal idir an mhatamaitic
agus réimse nuaghinte na hintleachta saorga.
D’oibrigh sé ar feadh ceithre bliana sa Ghinéiv le Jean
Piaget, ag taiscéaladh, mar eolaí, diminsean nua maidir
leis an mbealach a bhíonn leanaí ag foghlaim.
Sa bhliain 1964 iarradh ar Papert a bheith ina bhall d’foireann
teagaisc Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts mar
ar chuidigh sé an tSaotharlann Intleachta Saorga a bhunú
in éineacht le Marvin Minsky. D’fhorbair sé an choincheap
do theanga ríomhaireachta, LOGO, mar aon le smaointe nua
do ríomhairí agus oideachas le deontais mhóra ón bhFondúireacht
Náisiúnta Eolaíochta. Tá glactha le teanga LOGO ar fud
an domhain agus tá sé leasaithe do theicneolaíochtaí nua
le haghaidh forbartha san Afraic agus i dtíortha Meiriceánacha
Laidineacha, san Eoraip agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá
freisin. I gcomhar le Alan Kay, bhí Papert mar cheannródaí
i smaointe nua i leith leanaí agus úsáid ríomhairí, agus
ag éirí as sin d’fhorbair Kay an chéad choincheap do ríomhaire
glúine. Sa bhliain 1985, bhí sé mar bhall bunaidh de Shaotharlann
na Meán ag MIT agus leanann sé de bheith bainteach go
gníomhach léi ó athraíodh a stádas go stádas gradaim.
Mar aitheantas ar a cheannasaíocht, bhronn an Chuideachta
Lego "An Chathaoir Lego-Papert um Thaighde Foghlama" ar
an Saotharlann.
Tá Papert mar údar ar go leor leabhar lena n-áirítear
Mindstorms: Children, Computers and Powerful Ideas (1980),
The Children’s Machine (1993), agus The Connected Family
(1996). Glactar leis go bhfuil Mindstorms mar bhunshaothar
ar chúrsaí ríomhaireachta agus oideachais.
Tá cuid mhór gradam faighte aige agus anois is air atá
teideal an Eolaí Cuartaíochta Oiriric in Ollscoil Maine,
Roinn na hEolaíochta Ríomhaireachta. I mí Dheireadh Fómhair
2001 d’ainmnigh iris Newsweek Papert mar dhuine den deichniúr
nuálaithe is mó i gcúrsaí oideachais sa tír.
Cé gur sna Stáit Aontaithe atá a phríomhobair déanta,
bhí sé mar cheannasaí ar nuálacha in úsáid na teicneolaíochta
digití i gcuid mhaith tíortha. I ndiaidh dó cuireadh a
fháil ón rialtas Francach, chaith sé dhá bhliain i 1981-3
ag forbairt ionaid d’eolasamaitic agus forbairt. I lár
na n-ochtóidí d’oibrigh sé le hUachtarán Oscar Arias Chósta
Ríce chun clár náisiúnta dianúsáid ríomhairí ar fud an
chórais oideachais phoiblí a fhorbairt. Tá Cósta Ríce,
ina bhfuil an ráta litearthachta is airde sna tíortha
Meiriceánacha, go fóill mar mhúnla d’imlonnú ar scála
mór de theicneolaíocht ríomhaireachta san oideachas poiblí.
D’oibrigh Papert le nuálaithe i roinnt tíortha Meiriceánacha
Laidineacha eile, sa tSeapáin agus sa Téalainn.
Le blianta beaga anuas, tá dírithe ag Papert ar thionscadail
fhorbartha níos cóngaraí don bhaile. I gcomhoibriú le
hoideachasóirí in Iowa, tá léirithe aige conas úsáid oideachasúil
na tógála róbataí a leasú do leanaí an-óga agus trasna
línte inscne. B’é a bhí mar phríomhthionchar chun cur
ina luí ar Ghobharnóir Maine, Angus King, Maine a bhunú
go dána mar an chéad stát ar domhan chun glacadh le ríomhaireacht
aonair trí ríomhairí glúine a chur i ngach seomra ranga
ag lucht an seachtú agus an ochtú bliain i 2002-2003.
Tá bunobair déanta i Maine aige freisin ar an oideachas
in ionaid cheartúchánúla d’ógánaigh.
Bhunaigh Seymour Papert an Scioból Fhoghlama agus Institiúid
Seymour Papert i 1999 in Blue Hill, Maine. Is eagraíocht
neamhbhrabúis í an Institiúid a mholann smaointe nua san
fhoghlaim agus sa teicneolaíocht agus a sholáthraíonn
seirbhísí comhairliúcháin do rialtais stáit, d’institiúidí
idirnáisiúnta agus do phobail atá ceangailte le cur chuige
nua. |
 |
|
 |
 |
|
 |
|
|
|