"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Beathaisnéis
Ainm: Conor Galvin
Teideal: Cur chun cinn cheannasaíocht ar athrú, cothaithe ag TFC, ag leibhéil na scoile agus an phobail – céard iad na gnéithe agus na tacaíochtaí criticiúla?
Dáta: Dé Luain, 17 Bealtaine 2004.
Am: 14.15 – 15.45
Is Léachtóir agus Taighdeoir é Conor Galvin i nDámh na nEolaíochtaí Daonna i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, áit a n-oibríonn sé ar chláir éagsúla oideachais, Theicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) agus bheartas poiblí. I measc na réimsí is spéis leis tá TFC i scoileanna agus tionchar na teicneolaíochta nua agus na teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn ar chúrsaí foghlama. D'fheidhmigh sé mar Mheasúnóir ar roinnt ghníomhaíochtaí de chuid an AE a bhaineann leis an Sochaí Faisnéise - is é an ceann is deireanaí ar ar oibrigh sé ná ríomhfhoghlaim agus MINERVA - agus bhí sé mar Thoscaire Náisiúnta ag cruinniú mullaigh de chuid an Eagrais um Chomhoibriú agus Fobairt Eacnamaíoch (OECD) ar An tSochaí Faisnéise agus Oideachas. Tá Gradam an Uachtaráin d'Fheabhas Teagaisc ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath aige agus faoi láthair tá sé ar shos taighde a bhaineann leis an ngradam seo. Tá sé ag baint úsáide as an am sin chun anailís mhór taighde ar Thogra Imeascadh Scoileanna an NCTE a chur i gcrích agus chun labhairt ag comhdhálacha éagsúla ar fud na hEorpa ar Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide / Theicneolaíocht Faisnéise agus Córas agus ar shaincheisteanna a bhaineann le beartas.

Sular tháinig sé go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, d'oibrigh an Dochtúir Galvin in Ollscoil na Breataine Beaga Swansea agus in Ollscoil Cambridge, Sasana.
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004