"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Beathaisnéis
Ainm: Noel Dempsey T.D.
Teideal: Aitheasc Oscailte.
Dáta: Dé Luain, 17 Bealtaine 2004.
Am: 09.15 – 09.30
Is é Noel Dempsey an tAire Oideachais agus Eolaíochta in Éirinn. Rugadh é i mBaile Átha Troim, Contae na Mí i mí Eanáir 1953 agus fuair sé a chuid oideachais i Scoil Mhichíl na mBráithre Críostaí, Baile Átha Troim, i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus i gColáiste Phádraig, Má Nuad, áit ar bhain sé B.Eal. agus Ard-Dioplóma san Oideachas amach. Bhain sé Dioplóma i dTreoir Ghairmeacha Beatha amach chomh maith le Dioplóma i gCeannasaíocht Óige.

Tá an tAire Dempsey ina bhall de Dháil Éireann ó 1987. Bhí sé mar Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ó 27 Meitheamh 1997 go 5 Meitheamh 2002, mar Urlabhra Comhshaoil Fhianna Fáil 1994-1997, mar Phríomhaoire an Rialtais, 1992-1994 agus mar Aire Stáit i Roinn an Taoisigh, sa Roinn Cosanta agus sa Roinn Airgeadais 1992-1994. Is iarbhall é an tAire Dempsey de Chomhairle Contae na Mí 1977-1992 (Cathaoirleach: 1986/1987), de Chomhairle Ceantair Uirbigh Bhaile Átha Troim agus de Choiste Oideachais Ghairmiúil na Mí freisin.
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004