"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Coimriú
Ainm: Gary Mc Darby
Teideal: An bealach is féidir le húsáid nuálaíoch ICT i bhfoghlaim cur go mór le comhtháthú agus cothromas níos mó in oideachas?
Dáta: Dé Máirt, 17 Bealtaine 2004.
Am: 9.30 –10.45
Soláthraíonn an Clubtheach Ríomhaireachta timpeallacht foghlama iarscoile atá cruthaitheach agus sábháilte inar féidir le daoine óga ó phobail le seirbhísí tearca oibriú in éineacht le teagascóirí, ar daoine fásta iad, chun a gcuid smaointe a thaiscéaladh, a gcuid scileanna a fhorbairt, agus chun tógáil ar a gcuid féinmhuiníne tríd an teicneolaíocht. Bhunaigh Músaem Ríomhaireachta Bhostúin (atá mar chuid den Mhúsaem Eolaíochta, Bostún sa lá atá inniu ann) an Clubtheach Ríomhaireachta sa bhliain 1993 in éineacht le Saotharlann Mheánchumarsáide an MIT. Cuidíonn an Clubtheach Ríomhaireachta leis na baill na scileanna atá riachtanach do ráthaíocht phearsanta agus phroifisiúnta a fháil.

Sa bhliain 1997 bhuaigh clár Clubthithe an Mhúsaeim Gradam Peter F. Drucker do Nuálacht Neamhbhrabúsach (www.computerclubhouse.org/drucker.html). Aithníodh go bhfuil difir déanta ag an gclár i saol na ndaoine a bhfreastlaíonn sé orthu, agus go bhfuil sé mar mhúnla ar féidir le daoine eile a bheith ag foghlaim uaidh. Sa bhliain 1999 d’fhógair Corparáid Intel (www.intel.com/education/icc/index.htm) a tacaíocht chun céad Clubtheach Ríomhaireachta Intel a bhunú i bpobail le seirbhísí tearca ar fud an domhain. Tá lucht maoinithe agus urraíochta eile (www.computerclubhouse.org/sponsors-network.htm) tagtha le chéile chun tacú le clár na gClubthithe Ríomhaireachta ar fud an domhain.

I mí Dheireadh Fómhair 2002 d’aontaigh Saotharlann Mheánchumarsáide na hEorpa (SME) ar Chlubtheach Ríomhaireachta a lonnú ina campas féin. Tá SME suite i gceantar na Líbeartaí, ceantar a mheastar a bheith ar cheann de na pobail is teirce ó thaobh seirbhísí de i mBaile Átha Cliath. Bhí sé sin ar an dara Clubtheach a tógadh in Éirinn (reáchtálann Foróige an chéad cheann atá suite i mBaile Bhlainséir). Bunaíodh comhpháirtíocht i gcomhoibriú leis an bpobal áitiúil (Gréasán Lárchatharach an Oirdheiscirt - SWICN), Rialtas na hÉireann, Bord Seirbhísí Óige Chathair Bhaile Átha Cliath (CDYSB) agus Intel, agus tháinig Clubtheach Ríomhaireachta an SWICN ar an saol. Reáchtálann an pobal áitiúil an Clubtheach agus is iadsan a dhéanann é a bhainistiú. Faigheann sé tacaíocht ó líon mór daoine fásta ó SME, ó na hinstitiúidí tríú leibhéil agus ó na heagraíochtaí máguaird a oibríonn go deonach. Rinne sé comóradh ar aon bhliain ó bunaíodh é agus tá ráthaíocht mhór ag baint leis dar le cuid mhaith dá bhaill.

Sa chaint seo, déanfar plé ar mhúnla an Chlubtheach Ríomhaireachta atá faoi éabhlóid agus go háirithe ar conas is féidir le húsáid nuálach teicneolaíochta, le tacaíocht ón lucht gnó agus ón rialtas, freastal ar chlár oibre na cuimsitheachta.
Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004