"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Coimriú
Ainm: James Bosco, PhD.
Teideal: An féidir Scoileanna a Athchóiriú? I dTreo an Gealltanas maidir le Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) inár Scoileanna a Choinneáil
Dáta: Dé Luain, 17 Bealtaine 2004.
Am: 16.15 – 17.15
Tá saincheist athchóiriú, athrú nó athrú neamhleanúnach scoileanna mar phríomhghné leanúnach agus machnamh á dhéanamh ar ról TFC i scoileanna. Ar cheann de na tuiscintí atá mar bhunús ar an gcur i láthair seo is ea nach bhfuil TFC mar fhachtóir suntasach go ginearálta, sna Stáit Aontaithe ar a laghad, san athchóiriú scoileanna a theastaíonn. Tosóidh an cur i láthair le freagra gonta ar an gceist: Céard iad na rudaí a chaithfidh scoileanna a fheabhsú le hais a mbíonn á dhéanamh go ginearálta acu i láthair na huaire? Léiríonn an t-eispéireas a bhaineann le TFC i scoileanna le fiche bliain anuas nach bhfuil athchóiriú scoileanna mar thoradh nádúrtha ar TFC a thabhairt isteach sna scoileanna. Is éard a theastaíonn chun athrú neamhleanúnach a bhaint amach, seachas athrú incriminteach nó éabhlóideach, ná gníomhaíocht bheartaithe. Díreoidh an cur i láthair ar pheirspictíocht a sholáthar ar na dúshláin atá rompu siúd a mheasann athchóiriú scoileanna a bheith mar riachtanas sóisialta.
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004