"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Coimriú
Ainm: Carol Strohecker
Teideal: Múnlaí de TFC sa todhchaí - foghlaim chumasaithe: Céard iad na ciallachais do Scoileanna?
Dáta: Dé Luain, 17 Bealtaine 2004.
Am: 16.15 –17.15
Ní hionann trealamh ríomhaireachta agus leathanbhanda a chur ar fáil i scoileanna is a rá go mbeidh glúin nua de shaoránaigh ann a bhfuil litearthacht teicneolaíochta ag baint leo. Ar ndóigh ní mór dúinn rochtain ar a leithéid a sholáthar don aos óg, ach ní féidir linn stopadh ansin. Caithfimid níos mó a dhéanamh: caithfimid múnlaí nua a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm freisin.

Is dúshlán deacair é seo. Tá sé deacair mar teastaíonn daoine a bhfuil tuiscint acu ar na teicneolaíochtaí, ar na leanaí agus ar na córais oideachasúla ina dtagann siad le chéile. Tá an Aois Faisnéise faoi lán seoil, ach fós féin bíonn sé deacair teacht ar a leithéid de dhuine. Agus nuair a thagaimid orthu, bíonn claonadh ionainn gan tacú leo ar bhealaí a chothódh na cleachtais is fearr s’acu, cleachtais a thuigeann siadsan, agus a léiríonn taighde arís agus arís eile, a bheith éifeachtach.

Cén fáth nach dtacaímid leo? Mar bheadh orainn a admháil gur próiseas doimhin athraitheach é an próiseas a athraíonn scoileanna chuig dóigheanna chun an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíochtaí. Bíonn am agus infheistíocht leanúnach ag teastáil. Teastaíonn a thuilleadh cionrannta costas. Teastaíonn níos mó ná ceannach agus insealbhú trealaimh amháin, ach infheistíocht i bhforbairt múinteoirí agus seirbhísí ar-líne, in athdhearadh ailtireacht fhoirgneamh, agus i gcomhoibriú leis an tionsclaíocht freisin.

Agus má bhímid ionraic, ní mór dúinn a adhmháil go dtiocfadh le hathrú den chineál sin dúshraith a bhaint dá nglacaimid leis maidir leis an bhfoghlaim féin - céard í féin, conas a dhéanann daoine éagsúla í, céard atá tábhachtach a bheith ar eolas againn agus conas is féidir le heolas i réimse amháin tacú le fás an eolais i réimsí eile. Ní thagann na hathfhoirmithe eipistimeolaíocha a theastaíonn uainn chun sochaí chuimsitheach agus inmharthana ó thaobh eacnamaíoch de a fhorbairt díreach as ríomhairí a bheith i láthair.

Cé gur féidir le ríomhairí féidearthachtaí nua iontacha san oideachas a oscailt, is féidir úsáid a bhaint astu freisin chun cleachtais oideachasúla a bhuanú a shíltear a bheith lag ó thaobh chaighdeáin an lae inniu de. Is é sin go díreach atá mar chroílár na faidhbe seo. Is féidir le ríomhairí múnlaí seachadaidh, cosúil le seachadadh treoracha agus bogearraí druileála bunaithe ar réimsí ábhar seanchaite, a dhéanamh níos éifeachtaí.

Tá léirithe ag taighde agus cleachtas le roinnt blianta anuas go bhfuil éifeacht níos lú ag baint le múnlaí den chineál sin i gcomparáid le cur chuige a spreagann páirtíocht ghníomhach, éifeachtúil, aonaraithe in ábhair agus i smaointe - smaointe ar féidir leo réimsí eolais a thabhairt le chéile seachas iad a choinneáil scartha amach óna chéile. Thig leis na cur chuige seo tacú le baint dhoimhin, fhadtéarmach leis an ábhar agus sa deireadh, le foghlaim mharthanach. Má ghlactar na cur chuige seo dáiríre, áfach, teastaíonn athmhachnamh ar struchtúir aitheanta churaclam agus thimpeallachtaí foghlama.

Ní mór áiteanna a bhunú inar féidir le daoine nithe sa domhan agus na smaointe ina n-aigne a thógáil ar bhealach fiúntach, áiteanna a cheadódh saoirse chun gluaiseachta ina mbeadh rochtain ar ábhair agus ar dhaoine eile. Teastaíonn am chun tumadh isteach iontu ó gach duine a bhíonn páirteach sna tionscail - ó dhaltaí agus ó mhúinteoirí araon - seachas a bheith ag bogadh ó ghrúpa smaointe amháin, a ceapadh go heachtrach, go grúpa smaointe eile de réir tréimhsí ama a ceapadh go heachtrach.

Mar sin, athraíonn tuairimí maidir le smacht - cé a rialaíonn spás agus gluaiseacht, cé a rialaíonn rochtain ar ábhair, cé a rialaíonn am agus cé a rialaíonn na smaointe féin a mbíonn daoine ag obair leo. Má bhaintear an fheidhm cheart astu, is féidir le ríomhairí rochtain ar bhealaí smaointeoireachta atá fíorchumhachtach a chur ar fáil.

Céard iad na bealaí smaointeoireachta seo? Ní scileanna eochairchláir nó máistreacht ar scarbhileoga agus ar phróiseáluithe focal atá i gceist - ach dul chun eisinte na ríomhaireachta í féin. Le hábhair ríomhaireachtúla atá deartha go speisialta, is féidir le leanaí óga fiú déantúis róbócha a thógáil - rudaí a bhogann, rudaí a airíonn gnéithe dá dtimpeallacht agus a chuireann a t-eolas ar ais chuig an gcóras, agus ag éirí as sin a théann i bhfeidhm ar oibriúcháin ina dhiaidh sin. Ní hé go mbíonn na leanaí seo ag súgradh le píosaí de phlaisteach daite amháin nó leis na smaointe reacaireachta a rialaíonn céard a dhéanann a gcuid róbónna beaga, ach bíonn siad ag plé le smaointe tábhachtacha go ginearálta cosúil le hinathraitheacht agus aischothú.

Bíonn smaointe den chineál sin mar chlocha tógála ag córáis chasta de thairbhe go mbíonn líon mór codanna iontu agus mar gheall ar go n-athraíonn an gaol idir na codanna sin ó nóiméad go nóiméad. Cuireann tuiscint ar na clocha tógála sin lenár gcumhacht, mar tá an struchtúr a bhaineann le cuid mhór den domhan s’againn iléagsúil agus dinimiciúil. Feicimid an chastacht sin i réimse leathan feiniméan laethúil: córais aimsire, sruthanna tráchta, treochtaí eacnamaíocha, teaghlaigh agus eagraíochtaí ina measc.

Is í an áilleacht a bhaineann le hoideachas a dhíríonn ar thuiscintí ar chórais dhinimiciúla trí dul chun nádúir éagsúla a n-ábhar ríomhaireachtúil ná go gcuireann sé ar ár gcumas tuiscint a fháil ar thréithe atá mar bhonn ar agus a rialaíonn go leor gnéithe dár saol. Trí díriú go háirithe ar thionscail a bhfuil brí phearsanta leo, is féidir le leanaí agus le daoine fásta eolas ginearálaithe a chruthú dóibh féin.

Tá deis againn tacú le hoideachas na nglúnta nua agus é a fhrámú, glúnta a thuigeann boinn a ndomhain chasta agus a mhothaíonn go bhfuil sé ar a gcumhacht acu dul i ngleic go táirgiúil leis na bunrialacha sin, is cuma conas a léirítear iad. Ná caillimis an deis seo.
Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004