| |
 |
 |
Coimriú |
|
 |
 |
 |
 |
 |
| Ainm: |
Seymour Papert |
 |
 |
|
Teideal: |
An féidir le húsáid na teicneolaíochta
digití tús a chur le foghlaim níos éifeachtaí agus
samhlacha níos fearr foghlama?
|
 |
 |
| Dáta: |
Dé Luain, 17 Bealtaine 2004. |
 |
 |
| Am: |
14.15 –15.45 |
 |
 |
|
 |
|
 |
 |
 |
Rachaidh mé sa tseans: Creidim go pearsanta go nglanfar
amach 90% dá bhfuil i gcuraclam scoile an lae inniu sa
mhatamaitic agus san eolaíocht sna tríocha bliain atá
romhainn. Ní bheidh sé mar sprioc agam, áfach, a chur
ina luí ar aon duine go dtarlóidh a leithéid nó gur cheart
go dtarlódh. Ina áit sin, déanfaidh mé iarracht a chur
ina luí ar mo lucht éisteachta gur cheart dúinn a bheith
ag plé na gceisteanna go mb’fhéidir go dtarlódh a leithéid
nó gurbh féidir. Mar sin de, is lú béime a leagann mo
theachtaireacht ar scoileanna, na cleachtóirí foghlama,
ná ar lucht teoirice, lucht ceaptha polasaithe agus orainn
féin. Creidim go bhfuilimid dallta ar bhealach agus go
bhfuilimid dírithe ar conas an cleachtas reatha a fheabhsú
seachas ar dóigheanna a lorg ina bhféadfadh teicneolaíochtaí
nua cumhachtacha cleachtais atá difriúil ar fad a bhunú.
Bheinn ag súil go bhfaighear trí locht ar an méid sin
agus freagróidh mé dóibh.
Locht 1: "Ní fíor ar chor ar bith nach mbíonn lucht oideachasúil
ag déanamh machnaimh ar athrú mór. Tá bealaí nua teagaisc
agus bealaí nua foghlama ag éirí as na meáin dhigiteacha
cheana féin." Freagra 1: Baineann formhór dá bhfuiltear
ag déanamh le bealaí nua chun an t-ábhar céanna a theagasc.
Is í an fhíorchumhacht a bhaineann leis na teicneolaíochtaí
nua ná go gceadaínn siad athrú doimhin ábhair - athraítear
céard atá á fhoghlaim chomh maith le conas a fhoghlaimítear
é.
Locht 2: "Ní ceart go socródh an teicneolaíocht ábhar
an churaclaim. Ba cheart go mbeadh sí ina huirlis agus
ní ina máistir.’ Freagra 2: Is é a mhalairt atá i gceist:
tá an curaclam reatha socraithe go hiomlán ag an teicneolaíocht,
beagnach " ag teicneolaíocht eolais atá sean-aimseartha
agus teoranta ag leabhair statacha agus cailc agus pinn
luaidhe. De thairbhe gur rud uilíoch í, saorann an teicneolaíocht
dhigiteach an fhoghlaim ó na teorainneacha atá curtha
uirthi ag na teicneolaíochtaí go léir a tháinig roimpi.
Locht 3: Fiú dá bhféadfaí cineál oideachais níos fearr
a dhearadh bheadh sé dodhéanta dianathrú a chur i bhfeidhm
i rud chomh doimhin daingean leis an scolaíocht. Freagra
3: Níl sé dodhéanta. Bheadh sé deacair, sin an méid. Bíonn
na fadhbanna le feiceáil, chomh maith le sracfhéachaint
ar bhealaí chun iad a shárú ach breathnú ar chás-staidéir
faoi chur i bhfeidhm ar scála mór ríomhaireachta aonair
i scoileanna (is é sin le rá nuair a bhíonn ríomhaire
glúine ag gach dalta.)
Is í an eiseamláir is fearr de nádúr paradacsúil an dícheangail
idir plé ar an teicneolaíocht agus plé ar shaincheisteanna
bunúsacha an ábhair agus na modheolaíochtaí ná scéal áirithe
sa Fhrainc. Agus roinnt réigiún (m.sh. Les Landes agus
Bouche du Rhone) chun tosaigh go domhanda maidir le cur
i ngníomh na teicneolaíochta digití, tá an Aireacht Oideachais
Lárnach i mbun díospóireachta náisiúnta maidir le nádúr
na scolaíochta gan ach tagairt imeallach don teicneolaíocht. |
 |
|
 |
 |
|
 |
|
|
|