"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Coimriú
Ainm: Willem J. Pelgrum
Teideal: Tuairimí ar Thodhchaí Scoileanna agus Ciallachais d'Athchóiriú Oideolaíochta.
Dáta: Dé Luain, 17 Bealtaine 2004.
Am: 14.15 –15.45
Nuair a tugadh micriríomhairí isteach i gcúrsaí oideachais sna 1980idí bhíothas ag súil go ginearálta gurbh é an toradh a bheadh leis an teicneolaíocht seo ná athrú béime san oideachas ó scileanna atáirgiúla go scileanna táirgiúla.

Nuair a bhí fáil ar an Idirlín ag an margadh tomhaltais, tháinig leis sin moll mór páipéar beartais (ó rialtais náisiúnta, ón gCoimisiún Eorpach, ó UNESCO, ó Bhord Cruinn Eorpach an lucht tionscail agus go leor eile nach iad), a bhí ag maíomh go raibh athruithe bunúsacha ag teacht ar ár sochaí agus, ag éirí as sin, go dteastódh athchóirithe oideolaíocha chun coinneáil suas leis na hathruithe sin.

Is éard a áireofar leis an bpáipéar seo ná athbhreithniú ar na príomhthreochtaí i mbeartais oideachasúla náisiúnta maidir le pleananna d’athchóiriú oideachasúil agus ról Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) chun tacú leis na hathchóirithe sin. Lena chois sin, taispeánfar torthaí ó staidéir chainníochtúla chun solas a chaitheamh ar an gceist seo a leanas: conas is féidir breathnú ar athruithe san oideachas sna córais oideachasúla trí chéile? Déanfar athbhreithniú ar thorthaí staidéar cineálach a rinneadh go hidirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna cosúil le:

1. Cén cineál tionscnamh oideachasúil a mheasann tíortha a bheith mar eiseamláir de chleachtas maith?

2. Céard iad na ciallachais a bhaineann le hoideolaíocht a dhíríonn ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil do bhainistíocht agus eagrúchán oideachasúil, d’fhorbhairt foirne agus do mheasúnú/mhonatóireacht?

3. Céard é an tionchar a mbeifí ag súil leis ar ghnóthachtáil daltaí?
Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004