"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Coimriú
Ainm: Odile de Chalendar
Teideal: Beartais Náisiúnta chun TFC i bhFoghlaim a Chur Chun Tosaigh.
Dáta: Dé Luain, 17 Bealtaine 2004.
Am: 09.30 – 10.45
Pleanáil Straitéiseach na Fraince 2003-2006

Tá an t-am imithe tharainn anois chun aghaidh a thabhairt ar cheannródaithe. Caithfimid na cuspóirí nua agus na hiarmhairtí i sochaí na faisnéise a mhíniú don mhóramh agus an nuálaíocht a bhainistiú. Ní mór, mar sin de, aghaidh a thabhairt ar thrí phríomhsmaoineamh.

- An fhíorbhrí a bhaineann le Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide a thabhairt isteach san oideachas a chur in iúl trí spriocanna nó cuspóirí a mhíniú.

Ní hí an bhunaidhm ná máistreacht a fháil ar theicneolaíochtaí a chuireann ar ár gcumhacht chun feidhmíocht na ndaltaí a fheabhsú. Is í an bhunaidhm ná éabhlóid ár gcuid luachanna i saol nua.

I ndiaidh theach clóidóireachta an séú haois déag agus scoil phoblachtánach an naoú haois déag, tá deis againn arís oideachas dhaltaí a athrú (athrófar ó bhun na rudaí seo go léir: teagmhálacha le duine eile, fáil ar eolas, tuiscint ar an domhan, machnamh ar an tuiscint ar an saoránacht).

Baineann na spriocanna leis an saol taobh amuigh den scoil freisin. Baineann siad leis an teaghlach agus leis an bpobal i gcoitinne. Is í ár straitéis mar sin de ná:

- Cuspóir soiléir, intuigthe a shocrú do gach saoránach.

Is í an phríomhsprioc ná úsáid lán-neadaithe de theicneolaíochtaí faisnéise a bhaint amach taobh istigh de thrí bliana, is é sin le rá, ráta úsáidte níos mó ná 50%.

Cé go mbaineann múinteoirí úsáid leathan as teicneolaíochtaí nua dá gcuspóirí pearsanta féin, is lú úsáide a bhaineann siad astu sa seomra ranga. Is mar an gcéanna beagnach an difear seo i bhformhór na dtíortha Eorpacha.
Is dócha gur 20% an figiúr a léiríonn teorainn thréimhse thrialach na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide i scoileanna. Ba thréimhse í nuair a bhí ceannródaithe, deonaithe agus múinteoirí seiftiúla toilteanach dul i mbun na nuálaíochta.

Is é an dúshlán atá ann anois ná an chéim mhór cháilíochtúil a thógáil chun go nglacfaí go forleathan léi, agus ní dul i bhfeidhm ar líon beag múinteoirí a bhfuil imithe i bhfeidhm orthu cheana féin.

- Na modhanna a theastaíonn uainn chun athrú na nuálaíochta chuig an móramh a mhíniú

Is iad úsáidí oideolaíocha an eochair

Beifear ag baint úsáide go muiníneach as trealamh agus uirlisí gan mhoill, cé go bhfuil míchothromaíochtaí suntasacha go fóill ann. Tá curtha ag an rialtas agus ag údaráis áitiúla, ag obair in éineacht le comhshaoránaigh, leis an éacht seo.

Ach tá úsáidí oideolaíocha íseal ar go leor cúiseanna.

Tá an tacaíocht do mhúinteoirí lag; tá ábhar sonrach uainn, tá cnámhscéalta oideolaíocha ag teastáil agus tá cuid mhór múinteoirí mí-eolach ar na háiseanna atá againn cheana féin.

Chun na fadhbanna sin a réiteach teastaíonn pleanáil straitéiseach.
Ní mór breathnú ar an bplean gníomhaíochta seo mar thionscadal iomlán.
Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004