"new futures for learning in the digital age"
ENGLISH GAEILGE FRANÇAIS DEUTSCHE
BAILE CLÁR TOSCAIRÍ IONAID TÉIGH I dTEAGMHÁIL CUR I LÁTHAIR
 
Coimriú
Ainm: Enel Mägi
Teideal: Deiseanna agus dúshláin do Bhallstáit nua.
Dáta: Dé Luain, 17 Bealtaine 2004.
Am: 09.30 – 10.45
Is clár náisiúnta é CLÁR LÉIM AN TÍOGAIR a sheol Uachtarán na hEastóine Lennart Meri i 1996 chun scoileanna a ríomhairiú. B’iad príomhchuspóirí an chláir ná:
- cuidiú le rialtais áitiúla bonneagar Theicneolaíocht Faisnéise agus nascanna leis an Idirlíon le haghaidh scoileanna a fhorbairt,
- cuidiú le múinteoirí bunscileanna ríomhaireachta a fháil,
- tacú le curaclaim a thabhairt suas chun dáta trí Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC);
- cruthú bogearraí nua a spreagadh trí a bheith ag plé le cultúr, teanga, nádúr agus tíreolaíocht na hEastóine de réir an churaclaim náisiúnta.

Sa bhliain 2001, d’fhaomh Rialtas na hEastóine clár nua forbartha "CLÁR LÉIM AN TÍOGAIR PLUS" a dhíríonn ar thacaíocht d’fhorbairt Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide i gcúrsaí oideachais Eastónacha go ginearálta agus in oiliúint mhúinteoirí. Is í an fhís atá againn ná go múnlóidh an córas oideachais Eastónach go comhfhiosach agus go diongbháilte an timpeallacht oideachasúil, rud a chuideoidh leis an Eastóin dul san iomaíocht sa tsochaí dhomhanda faisnéise.

Is é an cuspóir atá ag plean forbartha Chlár Léim an Tíogar Plus ná Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide a chur i bhfeidhm chun áitribh agus coinníollacha a sholáthar chun timpeallacht foghlama a chruthú i scoileanna oideachais ghinearálta na hEastóine,
- a chinnteoidh an deis oideachas nua-aimseartha a ghéilleann d’infheidhmeacht a fháil,
- a neartóidh imeascadh idir ábhair,
- a chiallóidh go mbeidh ábhar an oideachais níos réadúla,
- a chiallóidh go mbeidh scoileanna níos oscailte agus níos solúbtha
- a thabharfaidh ullmhú múinteoirí suas chun dáta,
- a iompróidh an córas faisnéise oideachais ina chóras a fheidhmíonn go maith.

Díríonn an plean forbartha ar cheithre phríomhréimse: cumais Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide, foghlaim fhíorúil, forbairt inbhuanaithe bonneagair agus comhoibriú na páirtithe go léir atá bainteach leis.

I scoileanna Eastónacha sa bhliain 2004:
- tá 20 dalta ar an meán ar gach ríomhaire, níl aon scoil gan ríomhaire, tá 98% de na ríomhairí go léir san scoileanna ceangailte leis an Idirlíon;
- tá ceangal leathanbhanda leis an Idirlíon ag 99% de na scoileanna go léir;
- tá 10,900 múinteoir as líon iomlán de 17,000 múinteoir san Eastóin oilte i scileanna ríomhaireachta ag an mbunleibhéal agus tá páirt glactha ag 2,600 múinteoir in oiliúint éagsúil inseirbhíse, tá 9,500 múinteoir oilte in ardscileanna Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide;
- tá 100 clár bhogearraí oideachasúla difriúla soláthraithe do scoileanna lena n-áirítear cruthú 50 pacáiste bhogearraí oideachasúla Eastónacha úr-nua;
- tá níos mó ná 170 tionscadal forbartha agus oiliúna tionscnaithe agus maoinithe;
- cruthaíodh Netgate na Múinteoirí - ionad tacaíochta fíorúil do mhúinteoirí.

I ndiaidh Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide agus an Idirlíon a thabhairt isteach i scoileanna is léir níos mó ná riamh nach bhfóireann sé dóibh muna mbíonn athruithe i bparaidímí múinteoireachta agus foghlama.
Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh Barr an Leathanaigh
Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
>> Barr an Clár Íomhá chun críche leagan amach - Cur síos: Photo of the Trinity College Library
Image for layout purposes. Image for layout purposes.
 
www.education.ie
www.medialabeurope.org
www.scoilnet.ie
www.eu2004.ie
  © Cóipcheart: Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, NCTE 2004